340 likes | 2.19k Views
An tEarrach Thiar. Le Mairtín Ó Díreáin. Le Staidéar. File - Mairtín Ó Direáin Teideal – Tagairt d’Iarthar na Tíre Suíomh - Éire, iarthar na tíre am Earraigh ar oileáin Árainn. Téama – Saol deas simplí muintir Árainn, grá áite agus daoine ag comhoibriú le nadúr.
E N D
An tEarrach Thiar Le Mairtín Ó Díreáin
Le Staidéar • File - Mairtín Ó Direáin • Teideal – Tagairt d’Iarthar na Tíre • Suíomh - Éire, iarthar na tíre am Earraigh ar oileáin Árainn. • Téama – Saol deas simplí muintir Árainn, grá áite agus daoine ag comhoibriú le nadúr. • Mothúcháin – Sonas, síochán, grá, díomá, bród • Ar thaitin an dán leat?
Téama I • Téama – Is é saol síochánta simplí Árainn téama don dán seo. Scríobh Ó Direáin faoin oileán Árainn ina chuid filíochta. Bhí cion agus grá aige dá áit dúchais. Bhí sé ar a shuaimhneas nuair a bhí sé ann. • Sa dán seo léiríonn sé an suaimhneas sin linn trí íomhánna ealaínte nadúrtha Árainn, ‘binn an fhuaim, san earrach thiar’. • Chomh maith le sin is léir gurb é grá áite mar téama anseo agus léiríonn sé an grá sin le cur síos álainn ar mhuintir an oileáin*, ‘mná i locháin in íochtar diaidh-thrá’ agus an gnáthshaol ag obair le nadúr timpeall orthu, ‘maidí rámha currach lán d’éisc’.
Mothúcháin • Is léir go bhfuil a lán mothúchán sa dán seo uaigneas, grá áite, tírghrá, suaimhneas, síochán, áiféala, bród ina measc. • Tuigimid go bhfuil atmaisféar síochánta foirfe ann. Léiríonn an file é seo trí cur síos ar na radharcanna áille ar an oileán, an fharraige agus na daoine ag obair ann ina measc ‘Ar ór- mhuir mhall’. Cruthaíonn na híomhanna seo atmaisféar sona don léitheoir. • Úsáideann Ó Díreáin friotal simplí agus tá béim agus athrá ar an líne ‘San Earrach thiar’. • Is léir go raibh a lán grá áite ag Ó Díreáin sa dán seo.
Ar thaitin an dán seo leat? • Is maith liom an dán seo, An tEarrach Thiar le Mairtín Ó Direáin. Bhain mé taitneamh as. Is dán gearr é ach tá teachtaireacht láidir ann. • Tá a lán íomhánna deas sa dán, chomh maith le friotal simplí. Déanann an file cur síos álainn ar a áit dúchais ‘Niamhrach an radharc San Earrach thiar’. • Bhain mé taitneamh as na híomhánna agus simplíocht an dáin seo.