50 likes | 650 Views
An Tuiseal Gairmeach. Sula bpléifimid an tuiseal gairmeach déan na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Cén rud é tuiseal? An mbaineann na tuisil leis an ainmfhocal amháin? An mbaineann na tuisil leis an nGaeilge amháin? Tabhair sampla do gach tuiseal: An tuiseal ainmneach
E N D
An Tuiseal Gairmeach Sula bpléifimid an tuiseal gairmeach déan na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Cén rud é tuiseal? An mbaineann na tuisil leis an ainmfhocal amháin? An mbaineann na tuisil leis an nGaeilge amháin? Tabhair sampla do gach tuiseal: An tuiseal ainmneach An tuiseal tabharthach An tuiseal gairmeach An tuiseal ginideach
An Tuiseal Gairmeach An raibh an ceart agaibh? Is éard is tuiseal ann ná an t-athrú a thagann ar ainmfhocal ag brath ar na focail eile atá timpeall air. Athraíonn focail eile chomh maith i.e. aidiachtaí ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní bhaineann tuisil ach amháin le hainmfhocail. Tá tuisil in a lán teangacha ar fud an domhain, mar shampla, san Fhionlainnis agus sa Ghréigis. Bhíodh tuisil ann fadó sa Bhéarla ach níl níos mó. An tuiseal ainmneach - an bord, an t-uisce An tuiseal tabharthach - ar an mbord, ar an uisce An tuiseal gairmeach - a Phádraig, a Shíle An tuiseal ginideach - dath an bhoird, méid an uisce
An Tuiseal Gairmeach Baintear úsáid as an tuiseal gairmeach nuair a ghlaoitear ar dhuine i nGaeilge. Seo thíos cúpla nód chun cuidiú leat an tuiseal gairmeach a úsáid! Cuirtear ‘a’ roimh an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Cuirtear séimhiú ar an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Is minic ainmneacha fear a bheith firinscneach agus mar sin críochnaíonn siad go minic le consan leathan – más ea is gá an t-ainm a dhéanamh caol: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Is minic ainmneacha ban a bheith caol agus ní gá iad a chaolú mar sin: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Ach fiú má tá an t-ainm mná leathan ní chaolaítear é: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd