1 / 8

An Ghaeilge timpeall orainn Réamhphlé

An Ghaeilge timpeall orainn Réamhphlé . Bígí ag obair i ngrúpaí agus pléigí na ceisteanna seo le chéile:. Cá bhfuil tú i do chónaí? Mura bhfuil tú i do chónaí i gcathair cad í an chathair is mó in aice leat? An labhraítear Gaeilge sa chathair sin?

weldon
Download Presentation

An Ghaeilge timpeall orainn Réamhphlé

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Ghaeilge timpeall orainn Réamhphlé Bígí ag obair i ngrúpaí agus pléigí na ceisteanna seo le chéile: • Cá bhfuil tú i do chónaí? • Mura bhfuil tú i do chónaí i gcathair cad í an chathair is mó in aice leat? • An labhraítear Gaeilge sa chathair sin? • An bhfuil an Ghaeilge go feiceálach sa chathair sin? • An bhfuil an Ghaeilge go feiceálach san áit a bhfuil tú féin i do chónaí? Conas? • An mbaineann tú féin úsáid as an leagan Gaeilge nó an leagan Béarla den áit a bhfuil tú i do chónaí? • Cad is brí leis an ainm atá ar an áit a bhfuil tú i do chónaí?

  2. An Ghaeilge timpeall orainn Léamh 1 • Chuir Gaillimh le Gaeilge ceisteanna ar mhuintir na cathrach sin ar cad is cathair dhátheangach ann. Seo thíos na tuairimí a bhí acu. Léigh na pointí leis an duine in aice leat. • 1) Dhá theanga le cloisteáil ar na sráideanna: • An dá theanga taobh a chéile ar ghnáthchomharthaí na cathrach, m.sh. ar aghaidheanna siopaí, ar chuaillí eolais, ar chomharthaí bóthair, i bhfógraíocht, ionas go mbeidh timpeallacht dhátheangach an-fheiceálach • 2) An dá theanga le cloisteáil in áiteanna poiblí ar fud na cathrach: • Ar na sráideanna, sna tábhairní, bialanna agus siopaí srl. ionas go mbeidh an Béarla agus an Ghaeilge le cloisteáil ag gach uile dhuine sa chathair, agus go mbeidh an chlostimpeallacht dátheangach • 3) Imeachtaí sóisialta sa dá theanga: • Imeachtaí sóisialta a eagrú agus a chur ar fáil i gceann de na teangacha nó sa dá theanga, go comhuaineach nó ag amanna ar leith, ionas go mbeidh rogha teanga ag an bpobal dá n-imeachtaí sóisialta

  3. An Ghaeilge timpeall orainn Léamh 2 4) Seirbhísí ar fáil sa dá theanga ón earnáil phríobháideach: Seirbhís i nGaeilge nó i mBéarla a bheith ar fáil i gcuideachtaí príobháideacha, m.sh. siopaí, bialanna, dochtúirí srl., ionas go mbeidh rogha teanga ag an bpobal agus iad i mbun gnó sa chathair 5) Seirbhísí ar fáil sa dá theanga ón earnáil phoiblí: Seirbhís i nGaeilge nó i mBéarla a bheith ar fáil in eagraíochtaí poiblí, m.sh. oifigí an údaráis áitiúil, comhlachtaí stáit, na Gardaí srl., ionas go mbeidh rogha teanga ag an bpobal agus iad i mbun gnó leis an stát 6) Na meáin ar fáil sa dá theanga: Is é sin ná go mbeidh na nuachtáin, an raidió, na meáin ar líne srl. ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, ionas gur féidir leis an bpobal úsáid a bhaint as na meáin ina rogha teanga Anois, bí ag obair leis an duine in aice leat agus cuirigí na pointí thuas in ord tábhachta, trí uimhir a haon a chur in aice leis an bpointe is tábhachtaí.

  4. An Ghaeilge timpeall orainn Logainmneacha Pléigh an rún seo leis an duine in aice leat. Beidh duine amháin in éadan an rúin agus beidh an duine eile ar son an rúin: Ba cheart go mbeadh na comharthaí bóthair i mBéarla amháin. Cén fáth nach bhfuil an leagan Béarla sna comharthaí seo? Seo thíos cuid de na focail choitianta a thagann aníos i logainmneacha na tíre, cad is brí leo?

  5. An Dátheangachas ó thuaidh Réamhphlé Beidh tú ag léamh scripte ó mhír nuachta faoin dátheangachas i dTuaisceart Éireann ar ball. Sula léifidh sibh an script áfach, bí ag obair leis an duine in aice leat agus tugaigí faoi na ceisteanna thíos: An ndéanann gach duine staidéar ar an nGaeilge i dTuaisceart Éireann? Cén fáth? Cén fáth a bhfuil an Ghaeilge chomh feiceálach nó chomh láidir i mBéal Feirste, dar leat? Cad a cheapann tú faoin gcanúint i dTuaisceart Éireann? An ionann é agus canúint Dhún na nGall, dar leat? Cad is brí leis an logainm Béal Feirste? Cad faoi na cinn seo – Baile Átha Cliath, Gaillimh, Trá Lí, Corcaigh, Luimneach agus Doire? Anois, féachaigí ar na focail/frásaí seo, an bhfuil leagan difriúil agaibh féin dóibh? is minic ___________ rud a chloí ___________ cur ina luí ___________ ag áiteamh ___________ ag an tús ___________ grúpa daoine ___________ ag an deireadh ___________ a ghríosú ___________ Féachaigí cén leagan atá sa script agus sibh ag léamh anois.

  6. An Dátheangachas ó thuaidh Léamh 1 Is iomaí first a rinneadh anseo sa cheathrú Ghaeltachta, ach os ár gcomhair amach tá ceann atá deacair a shárú. Is é sin, an chéad gheallghlacadóir sa tír le comhartha as Gaeilge. Comhartha le do chroí a chur chun rásaí. Feargal Mac Ionnrachtaigh Tá muid anseo inár seasamh i gcroílár na ceathrún Gaeltachta anseo in Iarthar na cathrach. Agus má fheicimid fud fad an bhóthair anseo tá comharthaí as Gaeilge in airde, so, tá muidinne ag iarraidh, i mo phost féin le Forbairt Feirste, táimid i gcónaí ag iarraidh dul i bhfeidhm ar ghnóthaí, idir bheag agus mhór, ag tacú leis an Ghaeilge agus an Ghaeilge a bheith feiceálach taobh amuigh de ghnó s’acu. Agus táimid i gcónaí ag iarraidh bheith ag impí orthu gurbh fhiú é a dhéanamh. Chan amháin ó thaobh athbheochan na Gaeilge de ach ó thaobh forbairt a ngnó de, ó thaobh forbairt eacnamaíochta, ó thaobh turasóireachta agus eile. So, nuair a rinne muid teagmháil le Ladbrokes ar dtús báire thug muid cuireadh daofa a theacht anseo chuig an cheathrú Ghaeltachta chun an áit a fheiceáil agus just le feiceáil cad é go díreach atá taobh thiar den rud.

  7. An Dátheangachas ó thuaidh Léamh 2 So, tháinig an bhean atá i mbun PR, fear darb ainm, bean darb ainm Hayley O’Connor, tháinig sí anseo ar cuairt. Chuaigh sí isteach sa chultúrlann, bhí lón aici sa chultúrlann, ghlac muid í thart an bhóthar, bhí sí, chonaic sí an stáisiún raidió ansin, Raidió Fáilte agus eile. Agus chuaigh muid go mór i bhfeidhm uirthi, so chuaigh sí féin ar ais chuig an cheannáras i Londain agus d’iarr sí cead speisialta an Ghaeilge a chur in airde anseo i gcroílár na ceathrún Gaeltachta. Agus bhí uirthi an-tionchar a bheith aici ar an dream seo, bhí plé agus idirphlé ann agus sa deireadh thiar thall ghlac siad an cinneadh. So, seo an chéad áit in Éirinn ar ghlac Ladbrokes, arb iad na geallghlacadóirí is mó áitiúla ar domhan, so ghlac siad an cinneadh anseo in iarthar na cathrach na comharthaí Gaeilge a chur in airde agus tá muidinne ag iarraidh áiteanna eile, ceantair eile a spreagadh chun dul i bhfeidhm orthu agus iarracht a dhéanamh chun amhlaidh a chothú sna ceantair sin.

  8. An Dátheangachas ó thuaidh Iarphlé A. Féach ar an mír anois, an dtuigeann tú gach rud? B. Éist leis an mír den dara huair agus an script á léamh agat ag an am céanna. Cén fáth a bhfuil líne faoi na focail úd sa script? C. Téigh go dtí an suíomh idirlín www.nuacht24.com am éigin an tseachtain seo agus bí in ann do chuid tuairimí a thabhairt faoi. D. Cén leagan atá agat féin ar na leaganacha Ultacha seo a leanas: muidinne taobh amuigh s’acu chan amháin E. Déan féin agus an duine in aice leat plé ar an gceist seo le chéile: Cén fáth gur ‘darb ainm’ atá ann in áit ‘darbh ainm’, agus cén fáth gur ‘gurbh fhiú’ atá ann in áit ‘gur fiú’?

More Related