60 likes | 210 Views
RSO Mo Shaol atá ag Athrú. Iompraíocht Ollmhargaidh !. Iompraíocht Ollmhargaidh !. An bhfuil na hollmhargaí uilig mar an gcéanna ? Tá siad, ar dhóigh amháin ; Ba mhaith leo go g caithfeadh muid an méid is mó airgid is féidir. Ag teacht isteach duit.
E N D
RSO Mo Shaol atá ag Athrú Iompraíocht Ollmhargaidh!
Iompraíocht Ollmhargaidh! An bhfuil na hollmhargaí uilig mar an gcéanna? Tá siad, ar dhóigh amháin; Ba mhaith leo go gcaithfeadh muid an méid is mó airgid is féidir.
Ag teacht isteach duit • Bláthanna:Bíonn cuma dheas orthu, boladh deas ag teacht uathu agus cuma úr orthu(bíonn tú ag smaoineamh go bhfuil gach rud san ollmhargadh úr). • Greim Gasta:meallann na hearraí seo custaiméirí a théann isteach faoi choinne ceapaire don lón. Bíonn torthaí réamhullmhaithe, cístí beaga, milseáin agus irisí ar na seilfeanna thart ar an ceapairí.
Taobh istigh denOllmhargadh • Taispeántas deireadh pasáiste:Bíonn bia nó earraí eile anseo a bhfuil ‘margadh’ ag baint leo, mar shampla ‘ceannaigh ceann amháin, faigh ceann eile saor in aisce’. • Deilí nó Caifé:Bíonn siad ann sa dóigh is go ligfidh tú do scíth agus go mbeidh tú ag smaoineamh go bhfuil rud éigin sultmhar ar bun agat. • Taispeántas bia:cuireann siad moill ort agus faigheann tú amach faoi earraí nua (meallann siad thú).
Bí cúramach! • Bíonn an bia stánaithe (cannaí), comhábhair cócaireachta agus earraí ginearálta i lár an ollmhargaidh – tarraingíonn siad seo an custaiméir isteach. • Faigheann tú bainne, uachtar, feoil agus iasc ag cúl an tsiopa – Bíonn na hearraí seo de dhíth ar gach duine agus bíonn ort turas fada a dhéanamh chun iad a fháil. (Bíonn siad ag súil go gcuirfidh tú rudaí eile sa tralaí ar do bhealach.)
Comhairle duitse • Bíodh liosta siopadóireachta agat. • Cloígh leis an liosta. • Ná gabh ag siopadóireacht agus ocras ort. • Smaoinigh sula gceannaíonn tú na ‘margaí speisialta’. • Amharc ar an dáta deiridh díola – tóg earraí ón chúl.