130 likes | 363 Views
Beo go Deo 6 Tearma 1: Ceacht 10 Grá a thabhairt do Dhia. Cuardach Bíobla. Isaiah 11:1-3 Matha 1:1-6. Maoid agus na hAitheanta. Tar éis gur threoraigh Maois na daoine amach as an sclábhaíocht san Éigipt, bhí siad ag fanaíocht thart san fhásach ar feadh i bhfad. Thosaigh siad ag dó
E N D
Cuardach Bíobla Isaiah 11:1-3 Matha 1:1-6
Maoid agus na hAitheanta Tar éis gur threoraigh Maois na daoine amach as an sclábhaíocht san Éigipt, bhí siad ag fanaíocht thart san fhásach ar feadh i bhfad. Thosaigh siad ag dó túise agus ag canadh amhráin naofa do na déithe eile – deithe an uisce agus na tine agus na cloiche.
Níor chaith siad lena cheile mar ba chóir, agus b’fhearr leo ór agus maoin a bheith acu ná aird a thabhairt ar an Tiarna Dia, Yahweh, nó cúram a dhéanamh.
Lá amhain labhair an Tiarna le Maois agus dúirt sé dhá cloiche a ghearradh agus iad a thabhairt go Sliabh sinai an lA dár gcoinn. Rinne Maois mar a d’iarr Dia air agus go luath maidin lá arna mharach chuaigh sé suas an sliabh.
‘Tá cunant nó socrú á dhéanamh agam leis na daoine, a Mhaois,’ a dúirt Dia. ‘Beidh mise i mo Dhia acu. Déanfaidh mé rudaí iontacha dóibh. Beidh mise i mo Dhia acu. Déanfaidh mé rudaí iontacha dóibh. Déanfaidh mé freasal ar a riachtanais. Déanfar pobal speisialta díobh agus tabharfaidh siad aimn Dé do dhaoine uile an domhain.
‘Beidh siad ina bpobal speisialta agam. Is é bheidh mar chuid an phobail sa socrú seo: mairfidh siad de reir mo chuid aitheanta nó dlíthe.’ Duirt Dia le Maois: ‘Scríobh síos na haitheanta seo gur feidir le mo phobal maireachtáil go bílís dá réir.’
Rinne Maois deifie ar ais chun an dea-scéal faoi shocrú Dé a insint do na daoine. Ach bhí Moais tar éis a bheith thuas ar an sliabh tamall an-fhada in éineacht le Dia. Agus le linnn dó a bheith imithe shocraigh na daoine go ndéánfaidís dia dá gcuid féin, díreach ar nós na ndéithe a bhí ag na hÉigiptigh.
Mar sin, rinne siad lao órga agus tinte os a chomhair agus chan siad amhráin naofa ina onóir agus d’iompair siad go hard é os a gcomhair amach.
Nuair a chonaic Maois an rud a bhí déanta ag na daoine, tháining fearg air agus bhris sé an dá leac ar a raibh aitheanta Dé scríofa aige. Th’aining fearg air: ‘Níl Yahweh, ár nDia, tuillte agaibh,’ a bhéic Maois. Chrom na daoine a gcinn le teann náire.
Chuaigh Maois ina gceann ansin ag guí. Chuaigh sé suas an sliabh uair amhain eile agus d’iarr sé ar Dhia maithiúnas a thabhairt do na daoine ina bpeacaí. Tar éis achair fhada eile d’fhill sé ón sliabh dhá leac cloiche nua aige a raibh aitheanta Dé scríofa orthu.
Chuir na daoine failte chroíúil roimh na leaca agus dúirt siad, ‘ Déanfaidh cibé rud ar mhaith le Dia go ndéanfaimis. Ba mhaith linn a bheith páirteach i socrú Dé.