390 likes | 710 Views
Saol an Bhúda (cuid a hAon). Bhí rí i réim in Kaipilveastu, ceantar suite i Neipeal, timpeall cúig céad bliain roimh Chríost. Suddhodana ab ainm dó agus bhí sé ina rí ar an treibh Shakya. Bhí a bhean Maya ar tí leanbh a bhreith.
E N D
Bhí rí i réim in Kaipilveastu, ceantar suite i Neipeal, timpeall cúig céad bliain roimh Chríost.
Suddhodana ab ainm dó agus bhí sé ina rí ar an treibh Shakya.
Tugadh le fios do bhean chéile an rí go mbéarfadh sí páiste speisialta….
…bheadh an páiste ina rialóir cumasach… ..nó ina fhear naofa…
Bhí imní ar an athair go mbeadh a mhac ina fhear naofa mar bhí comharba uaidh…
Mar sin rinne sé saol compordach dá mhac ag iarraidh é a mhealladh ón saol crábhaidh.
Nuair a bhí Gautama 16 bliana, rinne an t-athair cleamhnas dá mhac le col ceathrair álainn darbh ainm Yasodhara.
Rugadh leanbh don lánúin óg agus cheap an t-athair go mbeadh gach rud go breá as seo amach...
ach bhí a mhac de shíor ag iarraidh air ligean dó féachaint ar an saol lasmuigh den phálás. … teastaíonn uaim an saol taobh amuigh den phálás a fheiceáil!
An lá dá gcionn, chuaigh Gautama amach ar chapall lena sheirbhíseach, Channa.
Ar dtús, chonaic Gautama seanfhear ag siúl na slí.. agus d’fhiafraigh sé de Channa… Cad tá cearr leis?
Dúirt Channa leis gurbh é sin an tsean-aois agus go dtagann sin chuig cách. Sin an tseanaois, a mháistir… éiríonn gach duine sean…
Tá sé tinn, a mháistir… agus is féidir le gach duine bheith tinn…
..thuig sé gur phróiseas síoraí é agus gur tháinig na daoine ar ais arís agus arís eile go dtí an saol cráite seo.
Faoi dheireadh chonaic Gautama fear ag iarraidh déirce ar thaobh an bhóthair.
Deir Channa leis gur thug an fear gach rud suas mar bhí sé ar lorg na fírinne.
Oíche ina dhiaidh sin, fágann Gautama slán lena bhean agus lena mhac óg.
Malartaíonn sé a chuid éadaí le bochtán. Téann sé ar lorg na fírinne spioradálta.
I dtosach báire, séanann sé deoch agus bia mar a rinne a lán fear agus ban naofa san aimsir sin
Éiríonn Gautama chomh tanaí le duilleog eidhinn agus is beag nach bhfaigheann sé bás ón ocras agus ón tart.
Ar ábharaí an tsaoil, tagann bean óg chuige agus tugann sí babhla ríse dó.
Nuair a fheiceann lucht leanúna go bhfuil Gautama éirithe as an tréanas righin, tréigeann siad é…
Lá amháin feiceann Gautama fear ceoil ag tiúnadh a shiotáir…
…nuair a bhí an tsreang ró-theann briseadh é… agus nuair a bhí sé ró-scaoilte, ní raibh aon fhuaim le cloisteáil.
…ach nuair nach raibh sé ró-theann nó ró-scaoilte, fuarthas an fhuaim cheart.
Shuigh Gautama Siddhartha faoi chrann agus thosaigh sé ag machnamh.
Ansin sheol Mara a thriúr iníonacha lena mhealladh agus lena chur amú… ach chuir Gautama an ruaig orthu…
agus ansin chuir Mara tromluithe agus físeanna uafásacha ina threo…
Ach níor chuir siadsan aon imní, fearg ná buairt ar Gautama… Bhí Gautama ina dhuine dúisithe, ina Bhúda agus léargas iomlán bainte amach aige.