300 likes | 560 Views
Anailís ar Ghaeilge labhartha na bpáistí i scoileanna lán-Ghaeilge. Pádraig Ó Duibhir Coláiste Phádraig, Droim Conrach padraig.oduibhir@spd.dcu.ie Comhdháil Ghaelscoileanna 20 Samhain 2009. Buíochas. Múinteoirí, páistí agus tuismitheoirí na scoileanna a ghlac páirt sa taighde
E N D
Anailís ar Ghaeilge labhartha na bpáistí i scoileanna lán-Ghaeilge Pádraig Ó Duibhir Coláiste Phádraig, Droim Conrach padraig.oduibhir@spd.dcu.ie Comhdháil Ghaelscoileanna 20 Samhain 2009
Buíochas Múinteoirí, páistí agus tuismitheoirí na scoileanna a ghlac páirt sa taighde An Chomhairle um Oideachas agus Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, agus Coiste Taighde Choláiste Phádraig a chuidigh le costais an taighde Tá cóip den tráchtas le fáil ag: http://www.spd.dcu.ie/main/academic/education/Courses/documents/Taighde_POD.pdf
Próiseáil ar ionchur teanga – díríonn foghlaimeoirí ar bhrí na teanga seachas ar fhoirm, ar struchtúr nó ar ghramadach (VanPatten, 1996) Sa chóras tumoideachais bíonn béim ar thuiscint agus ar bhrí a bhaint as an teanga seachas ar fhoirm (Lyster, 2007) Is féidir le foghlaimeoirí neamhaird a dhéanamh de chomhréir agus braith ar eolas ón gcomhthéacs chun brí a bhaint as téacs/ráiteas – ionchódú riailbhunaithe v ionchódú eiseamláirbhunaithe (Skehan, 1998) Taighde ar shealbhú teanga
Taighde ar shealbhú teanga • Ról tábhachtach ag giniúint teanga (labhairt, scríobh) agus is féidir ‘brú’ a chur ar fhoghlaimeoirí díriú ar chomhréir/fhoirm trí thascanna áirithe – ‘pushed-output’ (Swain, 1985, 2005) • Chomh luath is atá cumas cumarsáide leordhóthanach (communicative sufficiency) bainte amach is beag brú nó spreagadh atá ann labhairt go cruinn (Day and Shapson, 1987)
Sealbhú na Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge • Baineann daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ardchumas amach sa Ghaeilge i gcomparáid le daltaí i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga (Harris, Forde, Archer, Nic Fhearaile & O'Gorman, 2006) • Líofacht an-mhaith sa dara teanga ach ní bhaineann siad amach cumas an chainteora dúchais maidir leis na scileanna ginchumais (labhairt agus scríobh) (Henry, Andrews & Ó Cainín, 2002) • Gaeilge labhartha na bpáistí i scoileanna lán-Ghaeilge cosúil le cineál criól (Nic Pháidín, 2003; Ó Cíobháin, 1999)
Cuspóirí agus cur chuige an taighde • Cad iad na gnéithe de Ghaeilge labhartha na bpáistí i rang 6 i scoileanna lán-Ghaeilge tar éis 7-8 bl. de thumoideachas (5,000 uair)? • Cén dearcadh atá ag na daltaí maidir lena gcumas féin? • Roghnaíodh sampla de 9 scoil lán-Ghaeilge & 2 scoil Ghaeltachta (mar bhonn comparáide) • Iarraidh ar na daltaí ionad spraoi a dhearadh i ngrúpaí de thriúr – ghlac an rang iomlán páirt sa tasc ag an am céanna • Athchuimhne spreagtha (daltaí sna scoileanna lán-Gh) • Ceistneoir do na daltaí sna scoileanna lán-Gh. • Agallaimh ar mhúinteoirí sna scoileanna lán-Gh.
9 scoil lán-Ghaeilge ar fud na 26 chontae & 2 scoil Ghaeltachta (Catagóir A) físthaifeadadh ar 3 ghrúpa i ngach scoil trascríobh ar an gcéad 20 nóim. 7 huaire 20 nóim. cainte 65 dalta Gaelscoile 15 dalta Gaeltachta 35,338 focal ar fad 30,785 focal – daltaí lán-Ghaeilge 4,553 focal – daltaí Gaeltachta Corpas
bhí earráidí i 29.2% de ráitis na ndaltaí – (gan an Béarla a chur san áireamh) focail i mBéarla a bhí i 10% den chorpas sc. lán-Ghaeilge (daltaí Gaeltachta 6.65%) comharthaí an dioscúrsa – ‘yeah’, ‘no’, ‘so’, ‘okay’, ‘just’, ‘like’, and ‘right’ ab ea 6.34% den chorpas lán-Ghaeilge, 4.69% den chorpas Gaeltachta Anailís ar an trascríobh
Comhréir an ainm bhriathartha – *‘an bhfuil muid ábalta faigh níos mó capaillín?’ An chopail – *‘tá sé bord mór ’ , *‘tá sin an geata’ Moirfeolaíocht na mbriathra– *‘caithfimid faigh an túr’, *‘an déanfaidh mise rud éicint?’ *Cé mhéad a bhfuil fágtha againn?’ Caint indíreach – *‘ach ceapaim dúirt an fear sin gur ehm gur’ Cineál earráide
Cineál earráide • Forainmneacha réamhfhoclacha – *‘dhá cinn de é sin’ *‘triúr de iad seo’ • Tionchar an Bhéarla -*‘cad a bhfuil sé le haghaidh anyway?’ *‘tá sibh ag déanamh mo cheann isteach’ ‘tá tú ag gortú mo feelings’ • Comharthaí an dioscúrsa – yeah, no, so, okay, just, right, like
An chopail ‘is’ Sin an bord. Sin é an bord. Is é sin an bord. • *Tá sin an pháirc síos ansin. • *Tá sé bord mór. • Sin an geata isteach chuig an scoil. (Dalta Gaeltachta) • *Now, tá sin an slí isteach, tá sin an geata • *Tá sin céad euro • *So, tá sé dhá chéad euro
Fíor 1: An chaoi gur úsáid na daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge gnéithe den chopail is 67.2% 32.7%
An briathar rialta ‘cuir’ • *Cur é sin isteach. (Cuir…) • *An cuir tú isteach sleamhnán gearr? (Ar chuir …) • *Táimid in ann cur an díon canbháis… ( …a chur)
Fíor 2: An chaoi gur úsáid na daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge an briathar rialta cuir 73.9% 26.1%
An briathar rialta ‘caith’ • *An caithfidh tú an bonn agus an slabhra a fháil? (An gcaithfidh tú…) • *Ní chaithfimid faigh gach rud. (…gach rud a fháil)
Fíor 3: An chaoi gur úsáid na daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge an briathar rialta caith 51.2% 48.8%
An briathar neamhrialta ‘déan’ • *Just dhéan slant ag teacht síos. (Déan…) • *Dhéan mé é. (Rinne mé é) • *Dhéanfaimid like footprints ansin. (Déanfaimid …) • *Bhí mé ábalta déan é i mo cheann. (…é a dhéanamh…) • *Bhfuil cead mise déanamh rud éigin? (..rud éigin a dhéanamh.) • *Tá sé sin dhéanamh againn. (… déanta…)
63% 37%
An briathar neamhrialta ‘faigh’ • *An fuair tú? (An bhfuair tú?) • *Níor fuair mé. (Ní bhfuair mé) • *Right so bhfaighimid rúlóir. (Gheobhaimid..) • *An faighimid é sin? (An bhfaighimid…) • *An gheobhaimid capaillín? (An bhfaighimid.) • *Táimid ag faigh é sin. (…ag fáil/á fháil) • *An bhfuil muid ag fháil siad?
56% 44%
63% 37%
Dearcadh na ndaltaí ar a gcuid earráidí Athchuimhne spreagtha (Stimulated recall)
Céim 1 Bhí 50% acu míshásta lena gcaighdeán féin Thig leis a bheith níos fearr. Tá sé níos measa ná a shíl mé. Tá a lán focal Béarla istigh ann. ‘Like’, ‘oh my God’, ‘yeah’, ‘probably’ Tá sé saghas uafásach an Ghaeilge a d’úsáid muid. Mar cheap mé go raibh Gaeilge maith againn. Taighdeoir. An raibh a fhios agaibh go raibh siad sin á n-úsáid agaibh? (comharthaí an dioscúrsa) No, tá sé just like habit. Scríbhneoireacht: Yeah mar tá tú ag smaoineamh ar céard a bhfuil tú ag scríobh síos.
Céim 2 T. Má deir tú leis an múinteoir ‘Tá sin an peann luaidhe’ Céard a déarfadh sí? J. Is peann luaidhe é sin. T. An bhfuil bealach níos fearr chun ‘tá sin an airgead’ a rá. J. Sin an méid airgid a bhí ceadaithe. D’éirigh leis na daltaí 85% de na botúin leis an gcopail a cheartú nuair a tarraingíodh aird orthu agus nuair a fuair siad leideanna mar seo. Cheartaigh siad 50% de na botúin leis an ainm briathartha gur tarraingíodh aird orthu agus i gcásanna eile nuair a tugadh leideanna dóibh. (m.sh. Dá mba rud é go ndúirt tú leis an múinteoir ‘An bhfuil cead agam faigh leabhar?’ Céard a déarfadh sí?)
Céim 3 T. Cén fáth a ndéanann tú botún mar sin nuair atá an rud ceart ar eolas agat? B’fhéidir tá tú ag iarraidh deir é just chun faigh é amach agus níl tú ag thabhairt a lán smaoineamh air. Mar nuair atá tú ag dul timpeall le do chairde is Béarla a bíonn á labhairt agat agus ansin nuair a thagann tú ar scoil is é Gaeilge agus caithfidh tú smaoineamh faoi. Ní smaoiníonn tú. Nuair a bhíonn tú ag caint leis an múinteoir, roimh téann tú suas, bíonn tú ag smaoineamh ar cad a bhfuil tú chun rá leis. Like roimh cuireann tú do lámh suas caithfidh tú smaoineamh. Cad é an Ghaeilge ar an rud atá tú ag iarraidh? Only faigheann tú an Ghaeilge maith i like rang 6 agus tá tú used to an Gaeilge eile.
Céim 3 ar lean T. An gceartaíonn sibh a chéile riamh? Ní it depends. B’fhéidir if tá tú ag caint Béarla a lán, beidh tú ceartaithe. Uaireanta cuireann sé isteach ort má tá duine sa rang ceapann siad go bhfuil a fhios acu gach rud … Má cheartaíonn do chairde thú beidh siad díreach ag rá leat bí cúramach ag labhairt mar sin mar gheobhaidh tú i dtrioblóid. Mar tá do chairde ag féachaint amach duit, i mBéarla looking out for you. Níl a fhios agam é seo i Gaeilge. Mothóidh tú embarrassed, mar tá gach duine timpeall agus ceartaigh duine thú. No. Mar tá a fhios agam cad a bhfuil tú like ag iarraidh a rá, so ní dheir mé aon rud.
Torthaí • líofacht agus cumas cumarsáide an-mhaith – chuir siad í féin in iúl gan dua i gcomhthéacs an tasc seo • sealbhú T2 teoranta do shuíomh na scoile agus srianta dá bharr (Baker, 2002) • baineann na gnéithe nach bhfuil sealbhaithe acu le struchtúir atá éagsúil sa Ghaeilge ón mBéarla • ní hionann ‘Labhair Gaeilge’ agus labhair í go cruinn i súile na bpáistí • b'fhéidir go dtarraingíonn siad ar an ionchódú eiseamláirbhunaithe nuair atá brú cumarsáide orthu i dtasc, dá mbeadh níos mó ama acu smaoineamh d'fhéadfaidís tarraingt ar an ionchódú riailbhunaithe a beadh níos cruinne
Torthaí ar lean • Nuair a fuair na daltaí deis breathnú ar an taifeadadh agus iad féin a chloisteáil: • Shíl siad nach raibh a gcuid Gaeilge chomh maith is a cheap siad roimhe sin. • Thug siad an códmheascadh faoi deara. • D’aithin siad cuid de na laigí agus cheartaigh siad na cinn sin. • Níor thug siad na botúin leis an gcopail agus leis an ainm briathartha faoi deara mura dtarraingíodh aird orthu agus mura bhfuair siad leideanna. • Thuig siad go sealbhaíonn siad botúin a chéile. • Ní bhíonn said ag faire ar chruinneas a gcuid Gaeilge nuair a bhíonn siad ag caint lena gcairde.
an chaoi a mhúintear an chopail – an dtuigeann daltaí Gaelscoile go mbíonn an chopail ‘Is’ intuigthe i ráiteas áirithe? an bhfuil sé soiléir go leor san ionchur? Sin an bord. Sin é an bord. Is é sin an bord. aird a dhíriú ar an ainm briathartha na foirmeacha spleácha de na briathra Roinnt impleachtaí
Roinnt impleachtaí • Cathain a thagann na botúin chun cinn? gníomhaíochta ina mbíonn fócas ar fhoirm – teacht roimh na botúin • ‘Tá mise an only duine sa rang seo atá ocht mbliana d’aois’ – dalta Gaelscoile i rang 1 • cothromaíocht idir cur chuige ó thaithí agus cur chuige anailíseach – béim ar fhoirm agus ar bhrí tar éis rang 2 • foghlaim féinriartha (autonomous) a spreagadh