310 likes | 574 Views
Staidéar Foirgníochta. Aonghus Ó Raghnaigh. Urláir. Príomh fheidhm urlár ná chun an ualach leagtha (imposed load) a ghlacadh agus chun dromchla cothrom a thabhairt. Caithigh urlár foirgnimh a bheith láidir agus cobhsaí chun an ualach beo agus marbhualach a ghlacadh. (Folctha s.rl)
E N D
Staidéar Foirgníochta Aonghus Ó Raghnaigh
Urláir • Príomh fheidhm urlár ná chun an ualach leagtha (imposed load) a ghlacadh agus chun dromchla cothrom a thabhairt. • Caithigh urlár foirgnimh a bheith láidir agus cobhsaí chun an ualach beo agus marbhualach a ghlacadh. (Folctha s.rl) • Caithigh an urlár a bheith buanfasach (durable) chun gnáthghníomh an lae a ghlacadh.
Riachtanaisí • Caithigh urlár na talún a bheith taisdíonach ionas nach ardóidh uisce ón talún chun scrios a dhéanamh ar cairpéidí s.rl. • Caithigh urlár na talún a bheith inslithe ionas nach gcailltear teas amach ón tigh tríd an urlár.
Urlár Saor Coincréite • 25mm insliú • 150mm (min) leac coincréite • 60mm insliú righin • Scanánn (membrane) taisdíonach
Urlár Saor Coincréite • Seo an cineál urlár is comónta a núsáidtear sa lá atá inniu ann. • Bíonn leac coincréite treisithe ag snámh ar bharr insliú righin. Bíonn an insliú ar bharr gairbhéal cóbhrúite. • Braitheann an urlár seo ar an coincréite treisithe chun a bheith láidir agus cobhsaí agus chun a bheith buanfasach. • Úsáidtear scanánn taisdíonach chun an taise a choimead faoi thalamh agus insliú ionas nach chailltear teasa ón tigh.
Urlár Saor Coincréite • Bíonn an CTD agus an Scanánn Tais Díonach a bheith forluithe (overlapped) ins an bhalla. • Cinntíonn sé seo go mbíonn an urlár/balla uiscedhíonach.
Urlár Saor Coincréite • Tógtar an cineál urlár seo comh luath is atá na ballaí ag leibhéal an CTD, 150mm min os cionn leibhéal an talún. • Bíonn an gairbhéal cobhrúite I sraitheanna nach bhfuil níos mó ná 225mm in airde.
Urlár Saor Coincréite • Níor cheart go mbeadh doimhneacht níos mó ná 900mm ag an gairbhéal. • Scaiptear sraith tanaí gaineamh ar bharr an gairbhéal ionas nach polltar an Scanánn Tais Díonach. • Leagtar an insliú anuas ar an Scanánn Tais Díonach ansin. Braitheann tiubhas an insliú ar an táirge a núsáidtear.
Urlár Saor Coincréite • Déantar an coincréite a dhéanamh mín agus cothrom le barrmhíneadóir cumhachta nuair a thosnaíonn sé ag triomú.
Coincréite á dhoirteadh • Ansin chuirtear an treisiú cruach ar bharr an insliú sula ndéantar an coincréite fliuch a dhoirteadh.
Urlár Saor Coincréite • http://www.kahaku.go.jp/english/exhibitions/features/nbp2/video/concrete-mov.html
Urlár Leac & Scríd • 65mm scríd coicréite treisithe. • 60mm insliú righin. • Scanánn taisdíonach. • 150mm leac coincréite. • 150mm (min.) gairbhéal cóbhrúite.
Urlár Leac & Scríd • Tá dhá céim I gceist le tógáil an urlár seo: • Ar dtús leagtar an gairbhéal agus dhoirtear an leac coincréite. • Ní tharlaíonn an dara céim go dtí go bhfuil an tógáil iomlán beagnach crochnaithe. Leagtar an STD, an insliú agus an scríd coincréite ansin.
Urlár Leac & Scríd Buntáistí: • Déanann níos éasca seirbhísí (m.sh. píopaí) a chur faoin urlár sula dhoirtear an scríd. • Sábhálann sé an urlár críochnaithe ó damáiste le linn an tógáil.
Urlár Leac & Scríd Mí-bhuntáistí: • Mall agus breis obair. (Caithfear an scríd a thabhairt isteach tríd an fhoirgneamh go minic le barra rotha). • Ní féidir leis an CTD agus STD a bheith forlaithe.
Urlár crochta adhmaid • Úsáidtear an cineál urlár seo nuair a bhíónn os cionn 900mm gairbhéal san urlár. Buntáistí: • An éasca seirbhísí a chur faoi. • Féachann go maith.
Urlár crochta adhmaid Mí-bhuntáistí: • Níos costasaí. • Bíonn gá le ard caighdeán oibre. • Is féidir leo a bheith glórmhar.
Urlár crochta adhmaid • Bíonn urlár crochta adhmaid ardaithe os cionn leac coicréite ar ballaí beaga. • Suíonn na giarsaí (joists) don urlár trasna ar maidí balla atá ceangailte go dtí na ballaí beaga le strappaí. • Bíonn CTD idir na maidí balla agus barr an bhalla beag. • Bíonn an adhmaid clúdaithe le leasú.
Urlár crochta adhmaid Giarsa Urlár 44 x 200. (max span 3.87m le spás 400mm eatarthu. Balla bheag 75 (min.) Maide balla 75 x 100 CTD
Urlár crochta adhmaid • Bíonn gaothairí aer (air vents) sna ballaí agus na ballaí beaga ionas gur féidir le aer teacht isteach faoin urlár. • Coimeadann sé seo an adhmad tirim agus saor ó lobhadh (rot).
Urlár crochta adhmaid • Déantar an úrlár a insliú le insliú righin nó bog idir na giarsaí. • Braitheann tiúbhas an insliú ar an táirge a n-úsáidtear ach caithigh u-luach ar a laghad 0.25 w/m²K a bheith aige.
Urlár crochta adhmaid • Toisc gur féidir adhmad a dhó, caithfear spás a fhágál timpeall ar an teallach tinteán. • Déantar na giarsaí a ghearradh timpeall ar an teallach mar sin.
Urlár crochta adhmaid • Caithfear duchta aer a chur tríd urlár coincréite nuair a thagann sé le chéile le hurlár crochta adhmad, ionas go mbeidh an urlár adhmad fós in ann analú.
Urlár crochta coincréite • Tá dhá príomh saghas urláir crochta coincréite ann: • Teilg ar an suíomh: Úsáideann an cineál urlár seo na ballaí chun tacaíocht a thabhairt dó féin, chomh maith leis an gairbhéal cóbhrúite. • ‘S é an buntáiste a bhaineann le seo ná má tharlaíonn socrú sa ghairbhéal faoin urlár, ní chuireadh sé isteach ar an urlár.
Urlár crochta coincréite Réamhtheilgthe • Tá go leor táirgí réamhtheilgthe éagsúla ar an margadh. Úsáidtear an bloc agus bíóma go minic I gcás tithe.
Urlár crochta coincréite • Réitíonn urlár crochta coincréite formhór na fadhbanna a chruthaíonn urlár crochta adhmad. • Níl siad glórmhar. • Níl siad fuar. • Ní lobhann siad. • Tá siad tapaidh le tógáil. • Tá siad costasach.