350 likes | 550 Views
An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile. Seimineár Réigiúnach Treoirlínte an BNLO le haghaidh Forbairt Cód Iompair Cuimsíonn ábhair an BNLO agus an TPFS. Aidhm an tseisiúin seo.
E N D
An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile Seimineár Réigiúnach Treoirlínte an BNLO le haghaidh Forbairt Cód Iompair Cuimsíonn ábhair an BNLO agus an TPFS
Aidhm an tseisiúin seo • Béim a leagan ar eochairthréithe na dTreoirlínte mar chomhthéacs le haghaidh Iniúchadh agus Athbhreithniú a dhéanamh ar Chód Iompair scoile • Dea-chleachtas i leith eochaircheisteanna a aithníodh trí úsáid a bhaint as na Treoirlínte agus as an uirlis Iniúchta, a chomhroinnt • Próiseas pleanála a leagan amach
An tAcht Oideachais (Leas) 2000 • Alt 23, Fo-alt (2): • (2) Sonrófar na nithe seo a leanas i gcód iompair— • (a) na caighdeáin iompair a bheidh á n-iarraidh ar gach dalta atá ag freastal ar an scoil • (b) na bearta a fhéadfar a dhéanamh nuair a dhéanfaidh dalta neamhaird de na caighdeáin sin nó nuair a dhiúltóidh sé dóibh • (c) na nósanna imeachta a bheidh le leanúint sula bhféadfar dalta a chur ar fionraí nó a dhíbirt as an scoil lena mbaineann
Cód Iompair a Fhorbairt: Treoirlínte i gcomhair Scoileanna
Cén Fáth Anois? • Athrú: sochaí, cultúr agus cleachtas scoile • An clár um chuimsiú…polasaí náisiúnta • Comhpháirtíocht…tuismitheoirí agus daltaí • Taighde i leith cur chun cinn dea-iompair • Gnáthaimh chóra • Éiteas uile-scoile …ceannaireacht daoine fásta • Próiseas Pleanála éifeachtach
Cuimsíonn Treoirlínte an BNLO • Oibleagáidí Dlíthiúla • Treoir i leith dea-chleachtais
Cur Chuige • Coisctheach • Uilechuimsitheach • Cur chuige atá dírithe ar an bpáiste uile • Cur chuige uile-scoile • Cuidiú agus tacú leis an obair scoile atá idir lámha • Breithiúnas proifisiúnta agus freagracht
Struchtúr Threoirlínte an BNLO • Caibidil • 1 Réamheolas • 2 Iniúchadh agus athbhreithniú ar an gcód reatha • 3,4 Prionsabail atá mar bhonn le cód éifeachtach • 5-9 Cód a fhorbairt a chuirfidh ar chumas na scoile iompar a bhainistiú go héifeachtach: • caighdeáin a leagan síos • freagairt d’iompar míchuí • iompar dearfach a chur chun cinn • 10-12 Fionraithe agus díbirtí
Bunphrionsabail • I ngrúpaí: • Céard iad na bunphrionsabail atá mar bhonn le cód iompair éifeachtach?
An Bonn atá le Cód Éifeachtach Caib. 3: Bunphrionsabail • Soiléire a sholáthar • A dhearbhú go bhfuil iompar gach duine tábhachtach • Fócas ar dhea-iompar a chothú • Riachtanais a chothromú • A thuiscint go bhfuil caidrimh ríthábhachtach • Fócas ar an bhfreagracht phearsanta • Cothroime agus cothromas a chinntiú • Comhionannas a chur chun cinn • Leochaileacht ó thaobh oideachais de a aithint • Freastal ar leas na ndaltaí • Freastal ar leas na foirne • Sábháilteacht agus saoirse ó bhagairt a chothú • Treoirlínte an BNLO (lth. 22-23)
An Bonn atá le Cód Éifeachtach • Caib. • 4. Tá an fhoghlaim, caidrimh agus iompar nasctha lena chéile • Caib. • 5. Cur chuige uile-scoile i ndáil le hiompar
Caib. 6: Caighdeáin iompair a leagan síos • Sraith caighdeán i leith iompair a fhorbairt don scoil • Pobal na scoile a thabhairt isteach sa díospóireacht faoi chaighdeáin • Na daltaí a bheith páirteach i bhforbairt rialacha scoile agus rialacha don seomra ranga • Na caighdeáin a shamhaltú nó a léiriú • Na daltaí a theagasc maidir leis na caighdeáin agus leis an gcaoi le bheith dílis do na caighdeáin sin • Bealaí a bheith ann lena chinntiú go bhfuil tuiscint ag daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu ar an iompar a bhfuiltear ag súil leis uathu • Treoirlínte an BNLO (lth. 36-39)
Caib. 7: Dea-iompair a chothú • Cur chuige uile-scoile • Straitéisí chun páirteachas daltaí agus tuismitheoirí a neartú • Bealaí a bheith ann chun ionchais arda do dhaltaí a chur in iúl • Bealaí a bheith ann chun cáilíocht na gcaidreamh idir daltaí agus an fhoireann a athbhreithniú • Treoirlínte an BNLO (lth. 44)
Caib. 8: Ag freagairt d’iompar míchuí • Polasaí a fhorbairt ag díriú ar an gcaoi ina • n-úsáidfear píonóis chun cabhrú le daltaí iompar míchuí a athrú • Sraith straitéisí comhaontaithe a bheith ann le haghaidh idirghabháil dhearfach a dhéanamh chun cabhrú le daltaí iompar míchuí a athrú • Róil agus freagrachtaí na mball foirne i leith iompair a shainiú go soiléir agus na sonraí faoi na róil seo a chur in iúl go forleathan • Bealach caighdeánaithe a chomhaontú chun ábhar a bhaineann le hiompar daltaí a thaifeadadh • Treoirlínte an BNLO (lth. 55)
Caib. 9: An Cód Iompair a chur i bhfeidhm • Teimpléad do Chód Iompair lth.59 • An Cód a mhúineadh • Taifid • Ag plé le húdair imní agus le gearáin • Treoirlínte an BNLO (lth. 57-64)
Caib. 10: Fionraithe agus Díbirtí • A chinntiú go bhfuil polasaí agus nósanna imeachta na scoile i leith fionraí agus díbeartha ag teacht le Treoirlínte an BNLO agus faofa ag an mBord agus ag an bPátrún • A chinntiú go gcuirtear an polasaí in iúl go forleathan • Dea-chleachtas a fhorbairt agus a thaifeadadh • Gnáthaimh chóra a bheith ann le haghaidh imscrúdaithe agus cinnteoireachta • Nósanna imeachta a bheith ann le tuismitheoirí agus daltaí a chur ar an eolas maidir lena gceart chun achomhairc • Córas a bheith ann le go bhféadfadh an Bord athbhreithniú rialta a dhéanamh ar úsáid fionraithe / díbirtí • Treoirlínte an BNLO (lth. 66-91)
Gnáthaimh chóra i gcás Píonóis Throma • Ní mór tromchúis an mhí-iompair líomhanta agus an ní atá réasúnta i gcomhthéacs na scoile a chur san áireamh agus gnáthaimh chóra á gcur i bhfeidhm • An ceart le héisteacht – is gá go mbeadh na tuismitheoirí agus an dalta go hiomlán ar an eolas agus go mbeadh deis freagartha tugtha dóibh sula ndéanfaí cinneadh • Neamhchlaontacht sa chinnteoir – m.sh. níor cheart go mbeadh ionadaí na dtuismitheoirí ar an mBord i láthair agus píonós á bheartú dá mhac • Neamhchlaontacht sa chóras cinnteoireachta – leis an bPríomhoide a fhágáil saor chun cinneadh neamhchlaonta a dhéanamh, is inmholta gan páirt a bheith aige san imscrúdú ná sa tuairisciú, más féidir
Iniúchadh agus Athbhreithniú • a dhéanamh • ar an gCód Iompair
2. Iniúchadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcód iompair • Iniúchadh a dhéanamh ar chód iompair atá ann cheana féin • “Éilítear ar Bhoird Bhainistíochta iniúchadh a dhéanamh ar an gcód iompair scoile atá ann cheana féin, mar chéim thosaigh i gcur i ngníomh na dTreoirlínte seo. Cuirfidh an t-iniúchadh ar chumas na scoile measúnú a dhéanamh ar cé chomh maith is atá a cód iompair reatha ag teacht leis an dea-chleachtas agus ag comhlíonadh a hoibleagáidí dlíthiúla iomchuí.” (lth.4) • Athbhreithniú ar chód iompair atá ann cheana féin: • “I gcás go sainaithnítear ón iniúchadh tosaigh gnéithe den chód iompair ar ghá athbhreithniú iomlán a dhéanamh orthu, ba chóir don Bhord Bainistíochta, in éineacht leis an bPríomhoide, na réimsí le hathbhreithniú a chur in ord tosaíochta.” (lth.4)
Iniúchadh a dhéanamh ar an gCód • Is é is iniúchadh ann ná dianscrúdú ar gach gné d’ábhar agus d’fheidhmiú an chóid iompair d’fhonn a iomláine a chinntiú agus chun a dhearbhú go bhfuil sé ag comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil agus an dea-chleachtais faoi mar atá leagtha amach sna Treoirlínte seo.
ATHBHREITHNIÚ ar ghnéithe áirithe den chód a sainaithníodh san Iniúchadh • Déan cur síos ar an gcleachtas reatha • Déan meastóireacht ar a éifeachtúlacht • Déan liosta de roghanna le haghaidh feabhsúcháin • Ceap pleananna gnímh le haghaidh feabhsúcháin agus cur i bhfeidhm
Ceardlann • Scrúdaigh an ‘Seicliosta don Iniúchadh’: • Caighdeáin Iompair a leagan síos (dara leathanach) nó • An Cód Iompair a chur i ngníomh (tríú leathanach) • Aithin na freagairtí is dóichí a bheadh ag formhór na scoileanna ar gach ceist • - ‘Is ea/Tá’ – ‘B’fhéidir’ – ‘Ní hea/Níl’ • I gcás réimse ar bith, déan idirphlé bunaithe ar do thaithí ón scoil: • Céard atá ag obair go maith i do scoil? • Cén fócas is dóchúla le haghaidh d’athbhreithniú leantach? • Céard iad na chéad chéimeanna eile is dóchúla a thógfadh scoil ó thaobh athbhreithniú agus chur i bhfeidhm an Chóid de?
Ceisteanna Samplacha ón IniúchadhCaighdeáin Iompair a leagan síos • An bhfuil caighdeáin shoiléire iompair ann do gach duine sa scoil? • An bhfuil raon modhanna ag an scoil leis na caighdeáin seo a chur in iúl do dhaltaí, don fhoireann agus do thuismitheoirí? • An raibh lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha na scoile?
Ceisteanna Samplacha Caighdeáin Iompair a leagan síos • An mbíonn lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha an tseomra ranga? • An bhfuil bealaí ag an scoil lena chinntiú go dtuigeann daltaí le riachtanais speisialta na caighdeáin atá á n-éileamh?
Ceisteanna Samplacha ón IniúchadhAn Cód Iompair a chur i ngníomh • An bhfuil raon bealaí ag an scoil chun an Cód Iompair a chur in iúl don fhoireann, do na daltaí agus do thuismitheoirí? • An bhfuil Cód i scríbhinn ag an scoil? • Seachas an Cód i scríbhinn a thabhairt do thuismitheoirí, an ndéanann an scoil aon ní eile chun cabhrú le tuismitheoirí an Cód a thuiscint agus tacú leis? • An bhfuil pleananna ceachta agus cláir ann chun cabhrú le daltaí i leith foghlaim na scileanna agus an eolais is gá chun críche dea-iompair?
Ceisteanna Samplacha ón IniúchadhAn Cód Iompair a chur i ngníomh • An ndéanann an scoil monatóireacht ar phatrúin iompair sa scoil? • An bhfuil córas caighdeánach sa scoil chun taifid i leith iompair a choinneáil? • An bhfuil bealaí aitheanta ann inar féidir le baill foirne, daltaí agus tuismitheoirí údair imní faoi iompar a chur in iúl nó gearáin a dhéanamh? • Ar thug an scoil treoir do thuismitheoirí faoin mbealach inar cheart dóibh asláithreacht páiste a chur in iúl don scoil?
AthbhreithniúTosaíochtaí Samplacha • An bhfuil raon modhanna ag an scoil leis na caighdeáin seo a chur in iúl do dhaltaí, don fhoireann agus do thuismitheoirí? • An mbíonn lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha na scoile? • An bhfuil bealaí aitheanta ann inar féidir le baill foirne, daltaí agus tuismitheoirí údair imní faoi iompar a chur in iúl nó gearáin a dhéanamh?
Athbhreithniú - Plé • Cén chaoi a leanfá ar aghaidh go dtí athbhreithniú? • Bain úsáid as saincheist shamplach ón seicliosta: • ‘An mbíonn lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha na scoile?’
Tascghrúpa An Chóid Iompair Déan soiléir an Cleachtas Reatha • Téigh i gcomhairle leis an bhfoireann: • An bhfuil bealaí ann ina bpléann baill foirne rialacha le daltaí nó ina dtéann siad i gcomhairle le daltaí maidir le rialacha? • An bhfuil sé de nós ag an scoil dul i gcomhairle le daltaí maidir le saincheisteanna? • An bhfuil aon aiseolas i leith rialacha tugtha ag na daltaí? • An bhfuil éifeacht ag baint leis na cleachtais seo? Conas is eol duit? • Breathnaigh an réasúnaíocht a bhaineann le comhairliúchán (an chéad sleamhnán eile)
Tascghrúpa An Chóid IompairAn réasúnaíocht a bhaineann le gníomh • Cén toradh a d’fhéadfadh a bheith ar chomhairliúchán le daltaí maidir le rialacha scoile? • Céard iad na húdair imní a d’fhéadfadh teacht chun cinn trína leithéid a dhéanamh? • An bhfuil bearta cosanta ann a chinnteodh gur cleachtadh dearfach a bheadh ann?
Tascghrúpa An Chóid IompairMoltaí le haghaidh Gnímh • Cén bealach ina bhféadfaí dul i gcomhairle leis na daltaí? • Ar cheart é seo a dhéanamh ar roinnt bealaí éagsúla? • Conas a chinnteofar go mbeidh sé ionadaíoch? • Cé a dhéanfaidh bainistiú ar an gcomhairliúchán? • Cé na ceisteanna a thabharfadh fócas don chúram seo?
Tascghrúpa An Chóid IompairPlean Gnímh – Faofa ag an mBB • Cén rud • Conas • Cé • Cathain • Aidhmeanna – critéir rathúlachta • Monatóireacht ar chur i ngníomh • Meastóireacht ar thorthaí • Meastóireacht ar chomhairliúchán • (Féach suíomh gréasáin an TPFS le haghaidh teimpléid shamplacha)
Na Chéad Chéimeanna Eile a d’fhéadfaí a ghlacadh • 1. Cinneadh an Bhoird Bhainistíochta tús a chur le hIniúchadh • 2. Bunú ‘Foireann Iniúchta’ – Príomhoide, baill foirne, Coiste na dTuismitheoirí, Comhairle na nDaltaí…? • Tiomantas agus gafacht na gcomhpháirtithe a choinneáil sa tsiúl i rith phróiseas an Iniúchta • 3. Faisnéisiú don fhoireann ar eochaircheisteanna sna Treoirlínte, leas a bhaint as an Seicliosta Iniúchta le díriú ar réimsí roghnaithe, smaointe le leanúint suas a spreagadh • 4. Faisnéisiú comhchosúil cuí do Choiste na dTuismitheoirí, do Chomhairle na nDaltaí • 5. Réiteach tuairisce ag an bhFoireann Iniúchta ar chomhairliúcháin na Foirne, na dTuismitheoirí, na nDaltaí
6. Dian-iniúchadh ag an bhFoireann Iniúchta, féachaint an bhfuil an cód reatha ag teacht leis an reachtaíocht agus le dea-chleachtas faoi mar atá leagtha síos sna Treoirlínte • 7. Aithint na n-athruithe a bhfuil gá leo • 8. Athbhreithniú de réir mar is cuí ar réimsí aitheanta • 9. Cruthú Dréachtphlean Gnímh i ndáil leis na hathruithe atá molta • 10. Faomhadh an Bhoird don Phlean Gnímh agus do na hathruithe atá molta don Chód • 11.Na hathruithe a chur in iúl do phobal na scoile agus an Cód athbhreithnithe a chur i ngníomh • 12. Meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an Chóid athbhreithnithe
Críoch • An bhfuil an t-údarás tarmligthe ag an mBord Bainistíochta don Phríomhoide dalta a chur ar fionraí de réir Threoirlínte an BNLO? • www.newb.ie • www.sdpi.ie