60 likes | 323 Views
An Ghaeilge & mé féin Réamhobair. Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge? Cuir in aice leis na daoine a leanas a labhraíonn tú Gaeilge leo, agus cuir in aice leis na daoine nach labhraíonn tú Gaeilge leo. Mo thuismitheoirí Mo dheirfiúracha & mo dheartháireacha Mo mhúinteoirí
E N D
An Ghaeilge & mé féinRéamhobair Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge? Cuir in aice leis na daoine a leanas a labhraíonn tú Gaeilge leo, agus cuir in aice leis na daoine nach labhraíonn tú Gaeilge leo. Mo thuismitheoirí Mo dheirfiúracha & mo dheartháireacha Mo mhúinteoirí Mo chairde ar scoil Mo chomharsana Na daoine a oibríonn sna siopaí áitiúla Mo chol ceathracha Cad atá ag an duine in aice leat?
An Ghaeilge & mé féinÉisteacht 1 Éist le Ciarán ag caint agus freagair na ceisteanna seo: Cé leis a labhraíonn Ciarán Gaeilge? Cad a deir sé faoi Ghaeilge na ndaoine a thagann isteach sa teach tábhairne? Cad a deir sé faoi Ghaeilge a sheantuismitheoirí agus a thuismitheoirí? Cad a deir sé faoi na canúintí eile? An bhfuil sé bródúil as a bheith in ann Gaeilge a labhairt?
An Ghaeilge & mé féinÉisteacht 2 Éist le hEoin ag caint agus freagair na ceisteanna seo: Cé leis a labhraíonn Ciarán Gaeilge? Cad a deir sé faoi Ghaeilge a thuismitheoirí? Cad a deir sé faoi na canúintí eile? An mbuaileann sé le daoine ó Ghaeltachtaí eile agus an dtuigeann sé iad? Cad a deir sé faoi na hábhair scoile ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge?
An Ghaeilge & mé féinIarobair1 Féach ar an léarscáil agus scríobh isteach na canúintí atá coitianta sna ceantair éagsúla. CU: Canúint Uladh CC: Canúint Chonnachta CM: Canúint na Mumhan An labhraítear Gaeilge i dTuaisceart Éireann? Cén chanúint atá acu? Scríobh isteach na canúintí ar an scála thíos maidir le cé chomh deacair is atá siad, i do thuairim féin. Éasca Deacair
An Ghaeilge & mé féinIarobair 2 Féach ar na slite seo chun how are you? a rá sna canúintí éagsúla. Cén chanúint lena mbaineann siad? Cén chaoi a bhfuil tú? Conas atá tú? Cad é mar atá tú? Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Cén fáth a bhfuil leagan difriúil den bhriathar ‘tá’ sna samplaí? Déan liosta de nathanna cainte nó focail atá ar eolas agaibh ó na canúintí eile.
An Ghaeilge & mé féinIarobair 3 Dúirt Ciarán go raibh sé an-bhródúil as Gaeilge a bheith aige. An bhfuil tú féin bródúil as Gaeilge a bheith agat? Thug Ciarán sampla d’am nuair a bhí sé an-bhródúil as Gaeilge a bheith aige – an cuimhin leat é? An féidir leat féin smaoineamh ar eachtra nó am nuair a bhí tú an-bhródúil as Gaeilge a bheith agat?